Amhráin álainn ó Rang a 3!! “Grá don teanga, is linne í”
Guímid gach rath ar Dhónal Ó Fátharta agus ar fhoireann peile mionúir na Gaillimhe a bheas ag imirt i gcluiche ceannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh ar an Domhnach.
______________________________________________
Tháinig an briogáid dóiteáin ón gCeathrú Rua ar cuairt inniu. Bhí neart torann ag teacht uaidh agus bhain na páistí an taithneamh as.
Ghlac buachaillí agus cailíní na scoile páirt i gcomórtas seachtar an taobh CME/CLG. Bhuaigh siad sna réamhbhabhtaí cáilíochta agus chuaigh siad ar aghaidh go lárionad CLG i Leacht Seoirse ar an 18/10/17. Bhuaigh na cailíní 3 chluiche agus bhuaigh na buachaillí cluiche amháin. Bhí an-lá acu agus tá muid fíor bhródúil astu uileag!
Tá Coiste na nDaltaí curtha le chéile sa scoil agus iad ag tnúth go mór le bliain mhaith oibre ar son na scoile.